Teastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh PAYE Aon Tráth, Aon Lá inrochtana ag cách, gan aird ar chumas.
Ráiteas Inrochtaineachta: Géilliúntas i leith an Tionscnaimh Inrochtaineachta Gréasáin, Leibhéal Tosaíochta 2
Cabhair maidir le húsáid an láithreáin Gréasáin seo
Dearadh an áis PAYE Aon Tráth, Aon Lá de réir na dtreoirlínte atá leagtha amach ag Web Content Accessibility Guidelines 2.0, agus é mar aidhm againn leibhéal géilliúntais AA a bhaint amach. Soláthraíonn an W3C WAI (Web Accessibility Initiative/Tionscnamh Inrochtaineachta an Ghréasáin) treoirlínte inrochtaineachta a aithnítear go hidirnáisiúnta mar thagarmharc inrochtaineachta.
Faoi láthair, ní chloíonn an feidhmchlár le gach seicphointe de chuid WCAG 2.0 Leibhéal AA; ní thairgeann sé tacaíocht do léitheoirí scáileáin go sonrach. Tá faoi na Coimisinéirí a chinntiú ní amháin go dtabharfar aghaidh ar gach ceann de na seicphointí, ach go gcloíonn an feidhmchlár le spiorad na hinrochtaineachta. Tá sé á thástáil leis an mbogearra léitheoireachta scáileáin JAWS chun an cuspóir seo a bhaint amach.
Teicneolaíochtaí Reatha
Braitheann feidhmchlár PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar na teicneolaíochtaí seo a leanas a bhaineann le hÁbhar Gréasáin:
Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar fhorbairtí agus ar athruithe sna treoirlínte WCAG de chuid an WAI agus ar an gcleachtas ginearálta is fearr i leith suíomhanna gréasáin.
Má tá tuairim nó moladh ar bith agat maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo seol ríomhphost chuig rosmanager@revenue.ie.
28.12.2009
Go raibh maith agat as ucht cuairt a thabhairt ar PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Gheofar thíos cúpla leid a dhéanfaidh níos éasca duit an láithreán a úsáid.
Is feidhmchlár bunaithe atá ar Adobe Flex atá i bhfeidhmchlár PAYE Aon Tráth, Aon Lá agus d’fhéadfadh sé a bheith difriúil ón méid atá feicthe agat ar líne cheana. Oireann leagan amach an fheidhmchláir d’úsáideoirí lagamhairc nó daill, i measc úsáideoirí eile, agus tá sé comhoiriúnach le bogearraí móréilimh um léitheoireacht scáileáin. Má tá deacrachtaí agat maidir le luchóg a úsáid, is féidir leat nascleanúint a dhéanamh ar an láithreán ag úsáid an mhéarchláir, trí úsáid a bhaint as an eochair Táb chun léim ó nasc go nasc (nó Iomlaoid + Táb chun dul siar).
Téacsmhéid
Ar bharr taobh na láimhe deise d’aon leathanach ar PAYE Aon Tráth, Aon Lá, tá gné um théacsmhéid a ligeann don úsáideoir an téacs agus íomhánna a mhéadú ar an láithreán. Tá trí chnaipe leis an litir ‘A’ iontu in aice an naisc ‘Inrochtaineacht’ ar réimse méide iad ó bheag go mór, ó chlé go deas. Téacs beag atá sa chéad chnaipe ‘A’, téacsmhéid meánach ar an gcéad cheann eile agus tá an téacsmhéid is mó ar an gcnaipe deireanach ar an láithreán. Brúigh ar chnaipe na méide litreach ar miste leat í a úsáid chun an téacsmhéid a athrú ar ÍMAT Aon tráth, aon lá. Is féidir leat filleadh ar an ngnáthmhéid tríd an gcnaipe leis an ‘A’ is lú a bhrú. Is féidir leat peanáil thar scáileán an fheidhmchláir sa mhodh formhéadaithe ach an eochair rialaithe a roghnú agus an luchóg á bogadh agat.
Ardchodarsnacht
Tá cnaipe ‘Ardchodarsnacht’ le ‘A’ Buí thar chúlra dubh suite ag barr gach leathanach ar thaobh na láimhe deise de na cnaipí téacsmhéid. Más mian leat an leagan Ardchodarsnachta den láithreán a úsáid, brúigh ar an gcnaipe seo chun na scáileáin a fheiceáil le téacs buí agus bán thar chúlra dubh.
Idirghníomhaíocht le Foirmeacha
Bain leas as na haicearraí a leanas chun nascleanúint a dhéanamh trí na foirmeacha agus idirghníomhaíocht a dhéanamh leo:
Eochracha Rochtana
Tá ‘mear-eochair’ curtha leis an bhfeidhmchlár chun grúpaí atrialacha d’ábhar, cosúil le naisc nascleanúna, a sheachaint. Tugann an rogha seo an deis duit léim ar aghaidh chuig an ábhar agus trí phríomh-cheannteidil an scáileáin.
Úsáideoirí JAWS
Mód Foirmeacha
Chun an úsáid agus an idirghníomhaíocht is fearr a fháil ón gcomhéadan seo, molaimid go mbainfeadh úsáideoirí JAWS úsáid as an mód Foirmeacha san fheidhmchlár ar fad, agus gan úsáid a bhaint as modh an Chúrsóra Fhíorúil riamh.
Tá gach feidhmiúlacht, rialaitheoir foirme agus ábhar ar fáil ach an eochair Táb a úsáid agus tú sa mód Foirmeacha. Úsáidtear na heochracha Cúrsóra i rialaitheoirí foirme cosúil le boscaí teaglama agus cnaipí raidió.
Go minic, úsáideann an feidhmchlár PAYE Aon Tráth, Aon Lá foláirimh agus mír aníos chun tú a chur ar an eolas faoi athrú ar bith san fheidhmchlár. D’fhéadfadh sé go bhfeicfeá iad seo agus tú i mbun nascleanúna idir áiteanna éagsúla.
Idirghníomhaíocht le Táblaí
Beidh buneolas in éineacht leis na táblaí a léiríonn líon na sraitheanna agus na gcolún atá sa tábla sin agus ceannteidil na chéad sraithe agus an chéad cholúin.
Bhfuil cabhair uait le comhaid PDF a oscailt?
Brúigh ar an nasc thíos maidir le cabhair a fháil chun comhaid PDF a oscailt.