Feidhmchláir As Líne den Chéad Ghlúin Eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim: Ceisteanna Coitianta | ||
Cad iad na riachtanais chórais le haghaidh na bhfeidhmchlár seo? |
||||
Tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh do ríomhaire roinnt riachtanas d’fhonn na feidhmchláir as líne seo a rith. Is féidir teacht ar liosta de na riachtanais seo ag an láithreán Gréasáin seo a leanas: http://www.adobe.com/products/air/systemreqs/ | Barr an leathanaigh | |||
Conas a uaslódálfaidh mé na feidhmchláir seo? |
||||
|
Barr an leathanaigh | |||
Conas a rithfidh mé na feidhmchláir seo nuair a bheidh siad uaslódáilte agam? |
||||
Nuair a íoslódálann tú feidhmchlár den chéad uair, rithfidh sé go huathoibríoch nuair a bheidh an íoslódáil déanta. Nó, is féidir leat leat deaschliceáil ar dheilbhín na gCoimisinéirí Ioncaim i dtráidire an chórais a fhaightear ag bun do scáileáin sa choirnéal ar thaobh na láimhe deise de ghnáth (is féidir le húsáideoirí Mac ctrl + cliceáil ar dheilbhín an stáisiúin nasctha), ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. Is féidir leat feidhmchlár a oscailt freisin trí chliceáil ar an gcnaipe “Oscail” i bhfuinneog na bhfógraí atá le feiceáil ag bun an scáileáin ar thaobh na láimhe deise. Feicfear an fhuinneog fógraí seo nuair a bhíonn dáta suntasach a bhaineann leis an bhfeidhmchlár/na feidhmhchláir a shuiteáil tú ag teacht.
Mura mbíonn an deilbhín le fáil i dtráidire an chórais (nó sa stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac), is féidir leat an feidhmchlár a úsáid trí:
|
Barr an leathanaigh | |||
Conas a chaithfidh mé na feidhmchláir seo a shábháil ar mo ríomhaire? |
||||
Tá na feidhmchláir seo sábháilte agus ritheann siad ó do ríomhaire. Níl gá le nasc Idirlín ach amháin nuair a bhíonn tú ag seoladh faisnéise chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuireann sé seo ar do chumas faisnéis a shábháil faoi do ghnóthaí cánach gan iad a uaslódáil ar an Idirlíon. Ní sheoltar an fhaisnéis a chuireann tú chuig na Coimisinéirí Ioncaim ach ag tráth an iarratais. | Barr an leathanaigh | |||
Conas a úsáidfidh mé na “foláirimh” a thaispeántar ag bun mo scáileáin ar thaobh na láimhe deise? |
||||
Feicfear fuinneog fógraí ag bun do scáileáin ar thaobh na láimhe deise nuair a bhíonn dáta suntasach a bhaineann leis an bhfeidhmchlár/na feidhmhchláir a shuiteáil tú ag teacht. Má chliceálann tú ar fholáireamh, taispeánfar faisnéis agus cuirtear roghanna ar fáil duit leis an bhfoláireamh a “Oscailt”, a “Chodail”, nó a “Ruaig”. Má chliceálann tú ar “Oscail” osclóidh an feidhmchlár ábhartha. Má chliceálann tú ar “Codáil” cuirfear an foláireamh i bhfolach go sealadach (feicfear an foláireamh arís i ndiaidh méid ama socraithe). Má chliceálann tú ar “Ruaig” bainfear an foláireamh de go buan agus ní fheicfear níos mó é. | Barr an leathanaigh | |||
Conas a úsáidfidh mé na “nuashonruithe” a thaispeántar ag bun mo scáileáin ar thaobh na láimhe deise? |
||||
Feicfear fuinneog fógraí ag bun do scáileáin ar thaobh na láimhe deise nuair a bhíonn nuashonrú ar fáil le haghaidh ceann de na feidhmchláir a shuiteáil tú. Má chliceálann tú ar nuashonrú, taispeántar faisnéis agus cuirtear roghanna ar fáil duit leis an nuashonrú a “Nuashonrú” nó a “Ruaig”. Má chliceálann tú ar “Nuashonrú” déanfar leagan an fheidhmchláir ábhartha a nuashonrú. Má chliceálann tú ar “Ruaig” bainfear an nuashonrú de go buan agus ní fheicfear níos mó é. Mura bhfuil an leagan is déanaí d’fheidhmchlár agat d’fhéadfadh sé nach mbeidh tú ábalta an feidhmchlár a úsáid amach anseo. | Barr an leathanaigh | |||
Conas a dhúnfaidh/a fhágfaidh mé feidhmchlár? |
||||
Is féidir an feidhmchlár a dhúnadh leis an gcnaipe glas leis an X ag barr an fheidhmchláir ar thaobh na láimhe deise.
Má dhúnann tú an feidhmchlár rithfear an feidhmchlár sa mhodh “cúlra”. Sa mhodh seo, gheobhaidh tú foláirimh fós agus beidh tú ábalta an feidhmchlár a oscailt ó thráidire an chórais (an stáisiún nasctha, le haghaidh úsáideoirí Mac). Leis an bhfeidhmchlár a scor go hiomlán (má dhéantar é seo bainfear an deilbhín de thráidire an chórais, nó den stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac, agus cuirfear cosc ar fholáirimh ar bith) deaschliceáil ar dheilbhín thráidire an chórais agus roghnaigh “Scoir”. Ba chóir d’úsáideoirí Mac deaschliceáil (ctrl + cliceáil) ar an deilbhín sa stáisiún nasctha agus cliceáil ar an rogha “Scoir”. |
Barr an leathanaigh | |||
Nuair a bheidh feidhmchlár dúnta agam, conas a osclóidh mé arís é? |
||||
D’fhonn feidhmchlár dúnta a athoscail, ba chóir d’úsáideoirí Windows deaschliceáil ar dheilbhín thráidire an chórais, ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. Ba chóir d’úsáideoirí Mac ctrl + cliceáil ar an deilbhín sa stáisiún nasctha, ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. | Barr an leathanaigh | |||
Conas a shuiteálfaidh mé feidhmchlár? |
||||
|
Barr an leathanaigh | |||
Cén fáth a bhfaighim seanteachtaireacht tar éis dom feidhmchlár a dhíshuiteáil? |
||||
Má tá an feidhmchlár á rith agat faoi láthair, feicfidh tú mír aníos agus d’fhéadfaí litreoireacht chorr a bheith uirthi. Is fadhb le Adobe Air é seo atá á fhiosrú (Tabhair faoi deara: ní dhéanfaidh an fhadhb seo dochar ar bith do do ríomhaire ar bhealach ar bith). Táthar ag insint duit leis an mír aníos go bhfuil an feidhmchlár ag rith faoi láthair agus go gcaithfidh tú an feidhmchlár a scor sula mbaineann tú an feidhmchlár de do ríomhaire. Chun leanúint ar aghaidh:
|
Barr an leathanaigh | |||
Cad iad na ceadanna tuairiscithe a theastaíonn le haghaidh fodheimhnithe? |
||||
Is féidir fodheimhnithe ag a bhfuil, ar a laghad, cead “Comhaid” don tuairisceán faoi leith a úsáid le feidhmchlár as líne an tuairisceáin sin. | Barr an leathanaigh | |||
Cén fáth a bhfuil teorainneacha ar na dátaí ar ar féidir liom tuairisceán a chomhdú? |
||||
Nuair a thuairiscíonn tú trí ROS, bíonn tú faoi theorainn íocaíocht a dhéanamh laistigh den 1ú agus 23ú lá den mhí i ndiaidh dháta deiridh na tréimhse. Má bhíonn dáta an lae inniu i ndiaidh an 1ú agus roimh an 23ú lá i ndiaidh dháta deiridh na tréimhse, bíonn tú faoi theorainn íocaíocht a dhéanamh idir inniu agus an 23ú lá. Má bhíonn an lá inniu ar an 23ú lá den mhí nó i ndiaidh an 23ú lá den mhí i ndiaidh dháta deiridh na tréimhse, mar sin ní mór duit íocaíocht a dhéanamh inniu.
Má thuairiscíonn tú agus má íocann tú trí ROS tugtar síneadh duit ar an ngnáthdháta dlite (15ú lá den mhí i ndiaidh dháta deiridh na tréimhse le haghaidh P30 agus 19ú lá den mhí i ndiaidh dháta deiridh na tréimhse le haghaidh VAT3) go dtí an 23ú lá den mhí sin le híoc agus tuairisciú gan pionós a fháil. Tugtar an 23ú lá mar an dáta íocaíochta réamhshocraithe, ach is féidir leat an dáta ar a ndéanfar an íocaíocht a athrú. Is coir atá ann gan cáin a íoc faoin dáta ar a bhfuil sí dlite, agus d’fhéadfadh muirir úis nó imeachtaí forfheidhmithe le costais bhreise a bheith mar thoradh air. |
Barr an leathanaigh | |||
Cad a tharlóidh má roghnaím gan an méid iomlán atá dlite a íoc? |
||||
Is coir atá ann gan cáin a íoc faoin dáta ar a bhfuil sí dlite, agus d’fhéadfadh muirir úis nó imeachtaí forfheidhmithe le costais bhreise a bheith mar thoradh air. Má roghnaíonn tú gan an méid iomlán a íoc, ní mór duit an méid gan íoc a íoc ag dáta amach anseo. | Barr an leathanaigh | |||
Conas a socraím Treoir Dochair ROS (TD ROS)? |
||||
|
Barr an leathanaigh | |||
Cé hiad na daoine ar féidir leo an feidhmchlár P30 a úsáid? |
||||
Is féidir le híocóirí cánach atá cláraithe le haghaidh ROS nó ar tugadh “fodheimhniú úsáideora” dóibh le ceadanna “Comhdaithe” an feidhmchlár seo a úsáid.
Ba chóir do Gníomhairí Cánach Feidhmchlár As Líne ROS a úsáid nó tuairisciú ar líne." |
Barr an leathanaigh | |||
Cé hiad ar féidir leo an feidhmchlár VAT3 a úsáid? |
||||
Is féidir le híocóirí cánach atá cláraithe le haghaidh ROS nó ar tugadh “fodheimhniú úsáideora” dóibh le ceadanna “Comhdaithe” an feidhmchlár seo a úsáid.
Ba chóir do Gníomhairí Cánach Feidhmchlár As Líne ROS a úsáid nó tuairisciú ar líne. |
Barr an leathanaigh | |||