Revenue Online Services Logo


  Feidhmchláir As Líne den Chéad Ghlúin Eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim: Ceisteanna Coitianta
 
 
   Cliceáil ar cheist le dul díreach chuig an bhfreagra
 
 

Ceisteanna Ginearálta

  Cad iad na riachtanais chórais le haghaidh na bhfeidhmchlár seo?
  Conas a uaslódálfaidh mé na feidhmchláir seo?
  Conas a rithfidh mé na feidhmchláir seo nuair a bheidh siad uaslódáilte agam?
  Conas a chaithfidh mé na feidhmchláir seo a shábháil ar mo ríomhaire?
  Conas a úsáidfidh mé na “nuashonruithe” a thaispeántar ag bun mo scáileáin ar thaobh na láimhe deise?
  Conas a dhúnfaidh/a fhágfaidh mé feidhmchlár?
  Nuair a bheidh feidhmchlár dúnta agam, conas a osclóidh mé arís é?
  Conas a shuiteálfaidh mé feidhmchlár?
  Cén fáth a bhfaighim seanteachtaireacht tar éis dom feidhmchlár a dhíshuiteáil?
 
 

Ceisteanna ar Fheidhmchlár As Líne um Chostais Sláinte.

  Cén fáth nach féidir liom faoiseamh a éileamh le haghaidh costais sláinte a tabhaíodh in 2006 ag úsáid an iarratais le haghaidh costais sláinte ÍMAT?
  Agus an t-ollfhaoiseamh dlite á sheoladh isteach nó á ríomh agam, insítear dom nach féidir liom leanúint ar aghaidh ar líne. Cén fáth sin?
  Cén fáth go mbíonn míreanna aníos éagsúla le feiceáil agam má bhíonn rud á sheoladh isteach agam?
  Cén fáth go bhfuil orm na hadmhálacha a choinneáil le haghaidh mo chuid costais sláinte ar feadh sé bliana?
  An bhfeictear costais sláinte a éilítear san fheidhmchlár as líne ar fheidhmchlár ar líne ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?
 
   

Cad iad na riachtanais chórais le haghaidh na bhfeidhmchlár seo?

 
    Tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh do ríomhaire roinnt riachtanas d’fhonn na feidhmchláir as líne seo a rith. Is féidir teacht ar liosta de na riachtanais seo ag an láithreán Gréasáin seo a leanas: http://www.adobe.com/products/air/systemreqs/ Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a uaslódálfaidh mé na feidhmchláir seo?

 
   
  1. Téigh chuig http://www.ros.ie
  2. Cliceáil “Logáil isteach ar ROS” >> Cliceáil “Íoslódálacha” >> Cliceáil ar an gcnaipe “Gabh” faoin gceannteideal “Feidhmchláir As Líne den Chéad Ghlúin Eile”
  3. Cliceáil ar dheilbhín an fheidhmchláir ar mhaith leat a íoslódáil
  4. AFeicfear mír aníos agus tabharfar duit an rogha “Sábháil” nó “Oscail” nó “Cealaigh”, cliceáil ar “Oscail”
  5. Cliceáil ar “Suiteáil” sa mhír aníos ina dhiaidh sin
  6. Más mian leat deilbhín a chur ar do dheasc ónár féidir leat an feidhmchlár a oscailt, coinnigh tic ar an “Cuir deilbhín aicearra le mo dheasc”, nó bain an tic den bhosca seo
  7. Trí réamhshocrú, déanfar an feidhmchlár a íoslódáil ar ""C:\Program Files”, ach más mian leat an fillteán seo a athrú is féidir leat an fillteán atá tú ag iarraidh a roghnú trí chosán an fhillteáin a chlóscríobh, nó tríd bhrabhsáil chuig suíomh an fhillteáin sa réimse “Suíomh na Suiteála”
  8. Nuair a bheidh tú sásta leis na socruithe seo, cliceáil ar “Lean ar Aghaidh”
  9. Glacfaidh an feidhmchlár cúpla nóiméad lena íoslódáil, uair amháin a bheidh sé íoslódáilte, imeodh an mhír aníos agus rithfidh an feidhmchlár go huathoibríoch."
Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a rithfidh mé na feidhmchláir seo nuair a bheidh siad uaslódáilte agam?

 
    Nuair a íoslódálann tú feidhmchlár den chéad uair, rithfidh sé go huathoibríoch nuair a bheidh an íoslódáil déanta. Nó, is féidir leat leat deaschliceáil ar dheilbhín na gCoimisinéirí Ioncaim i dtráidire an chórais a fhaightear ag bun do scáileáin sa choirnéal ar thaobh na láimhe deise de ghnáth (is féidir le húsáideoirí Mac ctrl + cliceáil ar dheilbhín an stáisiúin nasctha), ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. Is féidir leat feidhmchlár a oscailt freisin trí chliceáil ar an gcnaipe “Oscail” i bhfuinneog na bhfógraí atá le feiceáil ag bun an scáileáin ar thaobh na láimhe deise. Feicfear an fhuinneog fógraí seo nuair a bhíonn dáta suntasach a bhaineann leis an bhfeidhmchlár/na feidhmhchláir a shuiteáil tú ag teacht.

Mura mbíonn an deilbhín le fáil i dtráidire an chórais (nó sa stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac), is féidir leat an feidhmchlár a úsáid trí:
  • Brabhsáil chuig a shuíomh ar do ríomhaire. Is é an suíomh réamhshocraithe “C:\Program Files\Revenue Desktop” le haghaidh úsáideoirí Windows agus an fillteán “Applications” le haghaidh úsáideoirí Mac. Má dhéchliceáiltear ar chomhad fheidhmchlár “Deasc na gCoimisinéirí Ioncaim” osclófar an feidhmchlár nó
  • Trí ghabháil chuig clár Dheasc na gCoimisinéirí Ioncaim tríd an roghchlár Tosaigh ar do dheasc.
Feicfidh tú an deilbhín i dtráidire an chórais (nó sa stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac). Tá an feidhmchlár sa mhodh “cúlra”. D’fhonn athruithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis sna feidhmchláir a íoslódáil tú deaschliceáil (ctrl + cliceáil, le haghaidh úsáideoirí Mac) ar dheilbhín thráidire an chórais (an stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac), ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha.
Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a chaithfidh mé na feidhmchláir seo a shábháil ar mo ríomhaire?

 
    Tá na feidhmchláir seo sábháilte agus ritheann siad ó do ríomhaire. Níl gá le nasc Idirlín ach amháin nuair a bhíonn tú ag seoladh faisnéise chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Cuireann sé seo ar do chumas faisnéis a shábháil faoi do ghnóthaí cánach gan iad a uaslódáil ar an Idirlíon. Ní sheoltar an fhaisnéis a chuireann tú chuig na Coimisinéirí Ioncaim ach ag tráth an iarratais. Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a úsáidfidh mé na “nuashonruithe” a thaispeántar ag bun mo scáileáin ar thaobh na láimhe deise?

 
    Feicfear fuinneog fógraí ag bun do scáileáin ar thaobh na láimhe deise nuair a bhíonn nuashonrú ar fáil le haghaidh ceann de na feidhmchláir a shuiteáil tú. Má chliceálann tú ar nuashonrú, taispeántar faisnéis agus cuirtear roghanna ar fáil duit leis an nuashonrú a “Nuashonrú” nó a “Ruaig”. Má chliceálann tú ar “Nuashonrú” déanfar leagan an fheidhmchláir ábhartha a nuashonrú. Má chliceálann tú ar “Ruaig” bainfear an nuashonrú de go buan agus ní fheicfear níos mó é. Mura bhfuil an leagan is déanaí d’fheidhmchlár agat d’fhéadfadh sé nach mbeidh tú ábalta an feidhmchlár a úsáid amach anseo. Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a dhúnfaidh/a fhágfaidh mé feidhmchlár?

 
    Is féidir an feidhmchlár a dhúnadh leis an gcnaipe glas leis an X ag barr an fheidhmchláir ar thaobh na láimhe deise.

Má dhúnann tú an feidhmchlár rithfear an feidhmchlár sa mhodh “cúlra”. Sa mhodh seo, gheobhaidh tú foláirimh fós agus beidh tú ábalta an feidhmchlár a oscailt ó thráidire an chórais (an stáisiún nasctha, le haghaidh úsáideoirí Mac). Leis an bhfeidhmchlár a scor go hiomlán (má dhéantar é seo bainfear an deilbhín de thráidire an chórais, nó den stáisiún nasctha le haghaidh úsáideoirí Mac, agus cuirfear cosc ar fholáirimh ar bith) deaschliceáil ar dheilbhín thráidire an chórais agus roghnaigh “Scoir”. Ba chóir d’úsáideoirí Mac deaschliceáil (ctrl + cliceáil) ar an deilbhín sa stáisiún nasctha agus cliceáil ar an rogha “Scoir”.
Barr an leathanaigh Barr
   

Nuair a bheidh feidhmchlár dúnta agam, conas a osclóidh mé arís é?

 
    D’fhonn feidhmchlár dúnta a athoscail, ba chóir d’úsáideoirí Windows deaschliceáil ar dheilbhín thráidire an chórais, ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. Ba chóir d’úsáideoirí Mac ctrl + cliceáil ar an deilbhín sa stáisiún nasctha, ainligh an luchóg thar “Oscail” agus ansin roghnaigh an feidhmchlár ábhartha. Barr an leathanaigh Barr
   

Conas a shuiteálfaidh mé feidhmchlár?

 
   
  • ?You can uninstall an individual application by right-clicking (ctrl + click, for Mac users) on the system tray icon (dock icon, for Mac users), hover the mouse over “Uninstall” and then select the relevant application.
  • ?To completely remove the Revenue Desktop from your computer, Windows users should follow these steps:
    1. Click on your computer’s “Start” menu button (usually found at the bottom-left on the screen
    2. Navigate to “Control Panel”
    3. Choose “Add or Remove programs”
    4. Find the “Revenue Desktop” application in the subsequent list
    5. Click “Remove”
    6. If you are currently running the application, a pop-up will appear that may have odd lettering. This is an issue with Adobe Air that is being investigated (Note: this issue is in no way harmful to your computer). The pop-up is telling you that the application is currently running and that it is necessary for you to exit the application before removing the application from your computer. To continue:
      1. Right-click on the system tray icon and choose “Exit”
      2. Click “Retry” on the pop-up
    7. The application is now entirely removed from your computer.
  • To completely remove the Revenue Desktop from your computer, Mac users should follow these steps:
    1. Open “Finder”
    2. Click on “Go” in the menu bar at the top of the screen
    3. Click “Applications”
    4. Ctrl + click on “Revenue Desktop.app”
    5. Select “Move to Trash”
    6. The application is now entirely removed from your computer.
Barr an leathanaigh Barr
   

Cén fáth a bhfaighim seanteachtaireacht tar éis dom feidhmchlár a dhíshuiteáil?

 
    Má tá an feidhmchlár á rith agat faoi láthair, feicfidh tú mír aníos agus d’fhéadfaí litreoireacht chorr a bheith uirthi. Is fadhb le Adobe Air é seo atá á fhiosrú (Tabhair faoi deara: ní dhéanfaidh an fhadhb seo dochar ar bith do do ríomhaire ar bhealach ar bith). Táthar ag insint duit leis an mír aníos go bhfuil an feidhmchlár ag rith faoi láthair agus go gcaithfidh tú an feidhmchlár a scor sula mbaineann tú an feidhmchlár de do ríomhaire. Chun leanúint ar aghaidh:
  1. Deaschliceáil ar dheilbhín thráidire an chórais agus roghnaigh “Scoir”
  2. Cliceáil ar “Atriail” ar an mír aníos
  3. Tá an feidhmchlár bainte de do ríomhaire go hiomlán anois
Barr an leathanaigh Barr
   

Cén fáth nach féidir liom faoiseamh a éileamh le haghaidh costais sláinte a tabhaíodh in 2006 ag úsáid an iarratais le haghaidh costais sláinte ÍMAT?

 
    Níl 2006 san áireamh san fheidhmchlár as líne. Is féidir costais sláinte a tabhaíodh in 2006 a sheoladh isteach trí fheidhmchlár ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá nó na foirmeacha páipéir cuí (Med 1 agus/nó Med 2) agus is féidir iad seo a fháil ag http://www.ros.ie. Barr an leathanaigh Barr
   

Agus an t-ollfhaoiseamh dlite á sheoladh isteach nó á ríomh agam, insítear dom nach féidir liom leanúint ar aghaidh ar líne. Cén fáth sin?

 
    Tá teorainneacha curtha ar na méideanna ar féidir éileamh a dhéanamh ina leith go leictreonach. Ní mór costais sláinte mhóra a sheoladh isteach ag úsáid foirm Med 1 (costais leighis agus teach altranais) agus/nó foirm Med 2 (costais déidliachta). Is féidir iad seo a fháil ag Tá teorainneacha curtha ar na méideanna ar féidir éileamh a dhéanamh ina leith go leictreonach. Ní mór costais sláinte mhóra a sheoladh isteach ag úsáid foirm Med 1 (costais leighis agus teach altranais) agus/nó foirm Med 2 (costais déidliachta). Is féidir iad seo a fháil ag http://www.ros.ie. Barr an leathanaigh Barr
   

Cén fáth go mbíonn míreanna aníos éagsúla le feiceáil agam má bhíonn rud á sheoladh isteach agam?

 
    Braitheann na míreanna aníos a fheicfear nuair a sheoltar costais sláinte isteach ar an bhfaisnéis a bhíonn ag na Coimisinéirí Ioncaim ar chomhad duit agus ar an bhfaisnéis a chuir tú isteach i bhfeidhmchlár as líne na gcostas sláinte ÍMAT.
Feicfear mír aníos le haghaidh teach altranais má chuir tú éileamh sa chatagóir “Teach Altranais” san áireamh; iarrfar faisnéis bhreise faoin gcostas sa mhír aníos seo.

Feicfear an mhír aníos fhíordheimhnithe gach uair a sheolann tú costais sláinte isteach; iarrfar faisnéis aitheantais sa mhír aníos seo, mar shampla, d’uimhir PSP.

Mura bhfuil sonraí pá agus/nó cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim ar chomhad maidir leis an mbliain a bhfuil tú ag cur na gcostas sláinte isteach ina leith, cuirfear mír aníos phá agus chánach i do láthair ina n-iarrfar ort an fhaisnéis a chur ar fáil sula gcríochnaíonn tú an t-iarratas.
Barr an leathanaigh Barr
   

Cén fáth go bhfuil orm na hadmhálacha a choinneáil le haghaidh mo chuid costais sláinte ar feadh sé bliana?

 
    Déan cinnte le do thoil nach ndéanann tú éileamh ach i leith méideanna a bhfuil admhálacha agat dóibh. Ná cuir na hadmhálacha isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim le d’éileamh le do thoil. Ní mór duit na hadmhálacha a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana, áfach, toisc go bhféadfadh sé go n-iarrfaí ort iad a chur isteach dá roghnófaí d’éileamh le haghaidh mionscrúdaithe. Barr an leathanaigh Barr
   

An bhfeictear costais sláinte a éilítear san fheidhmchlár as líne ar fheidhmchlár ar líne ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá?

 
    Má sheolann tú costais sláinte isteach ag úsáid an fheidhmchláir as líne, is féidir leat stádas an iarratais sin a sheiceáil i bhfeidhmchlár ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá trí ghabháil go dtí “Stair d’Iarratas” agus na táib “Stair na nIarratas” agus “Iarratais ar Feitheamh” a sheiceáil.

Má sheolann tú costais sláinte isteach tríd an bhfeidhmchlár as líne agus tríd an bhfeidhmchlár ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ansin (nó an bealach eile thart), foscríobhann an dara iarratas an chéad iarratas. Má bhíonn athbhreithniú déanta cheana agus má rinneadh athíocaíocht bunaithe ar an gcéad iarratas, ní chuirfear san áireamh ach an difríocht idir an dá iarratas.
Barr an leathanaigh Barr
 


Leathanach Baile na gCoimisinéirí Ioncaim | Cabhair | Inrochtaineacht
Téarmaí & Coinníollacha | Beartas Príobháideachais | Ráiteas faoin mBeartas um Dheimhnithe | Ráiteas faoin gCleachtas Deimhnithe
Eolas as Gaeilge