Scipeáil go dtí an príomhábhar

Cad é moChúrsaí?

Pointe rochtana singil is ea moChúrsaí le haghaidh seirbhísí slán ar líne do dhaoine aonair. Féadtar teacht ar Seirbhísí ÍMAT (lena n-áirítear Poist agus Pinsin), Cáin Maoine Áitiúil, an Dreasacht Athchóirithe Tí, agus tuilleadh, ag úsáid logáil isteach agus pasfhocal amháin. Féadtar do shonraí phearsanta a uasdátú, íocaíochtaí a dhéanamh agus faoisimh chánach áirithe agus dreasachtaí a éileamh.

Pasfhocal amháin le haghaidh do sheirbhísí cánach slán
Slán agus fíoraithe ag coimeád do chéannacht slán ar líne
Rochtain an lá céanna ag úsáid téacs nó r-phoist
MyGovID: féadfaidh tú síniú isteach in moChúrsaí, chomh maith, le do shonraí MyGovID má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat.

Cé is féidir leo clárú?

  • Cáiníocóirí ÍMAT
  • Cáiníocóirí CMÁ
  • Custaiméirí gnó, lena n-áirítear
    daoine a bhfuil deimhniú digiteach
    gníomhach acu le haghaidh ROS
  • Cáiníocóirí nua

Cad is féidir liom a dhéanamh?

Seirbhísí ÍMAT

Féadfaidh tú do thaifead cánach a bhainistiú, creidmheasanna a éileamh, tuairisceán a thíolacadh agus do phost nó phinsean nua a chlárú. Úsáid “Déan athbhreithniú ar do cháin” chun Ráiteas Dliteanais a fháil. Úsáid “Bainistigh do cháin” chun Deimhniú creidmheasanna cánach a fháil.

Seirbhísí Maoine

Leis seo, féadtar rochtain a fháil ar do thaifid Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ), do CMÁ/Muirear Teaghlaigh (MT) a thíolacadh nó a íoc, faoiseamh cánach a éileamh ar athchóiriú maoine, faoiseamh i leith ús morgáiste a éileamh, d'iarratas Cabhair le Ceannach a fheiceáil nó a thosú agus suíomhanna a chlárú nó tuairisceáin a thíolacadh srl. le haghaidh Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe.

Seirbhísí Feithicle

Féadtar iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i leith feithiclí athchóirithe, deontas breosla a éileamh agus Deimhniú Comhréireachta le haghaidh CCF a uaslódáil. Féadfaidh tú úsáid a bhaint as an áireamhán Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) chun meastachán a dhéanamh ar an CCF atá dlite ar charr, ar fheithicil bheag tráchtála nó ar ghluaisrothar agus meastachán a dhéanamh ar aon aisíocaíocht CCF atá dlite ar charr a easpórtáil.

Seirbhísí Íocaíochtaí

Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh ar líne d'fhormhór na gcineálacha cánach agus féachaint ar stair d’íocaíochtaí. Féadtar éileamh aisíocaíochtaí a dhéanamh agus seiceáil a dhéanamh ar stádas éileamh tíolactha i leith aisíocaíochtaí CBL sonracha le haghaidh daoine neamhchláraithe nó le haghaidh Cáin Ola Mianraí íoctha ag earnálacha áirithe.

Bainistigh Mo Thaifead

Féadtar teacht ar raon leathan seirbhísí a chun bainistiú agus uasdátú a dhéanamh ar do thaifead agus fiosruithe a dhéanamh.

Seirbhísí ROS

Féadtar síniú isteach ar do chuntas ROS chun teacht ar seirbhísí nach bhfuil ar fáil in MoChúrsaí. Féadtar deimhniú nua ROS a fháil má rinne tú dearmad ar do phasfhocal nó má tá do deimhniú caillte nó in éag, agus féadtar teacht ar chabhair agus treoir ar líne maidir le háiseanna ROS.

Cad is gá dom le clárú?

1Uimhir PSP

2Dáta Breithe

3Uimhir fón póca nó uimhir thalún

4Seoladh r-phoist

5Seoladh baile

Chun rochtain láithreach a fháil,
fíoraigh do chéannacht le 2 acu seo:
  • Uimhir cheadúnais tiomána Éireannaigh
  • Eolas ó do dhuillín pá
  • Faisnéis ó d'fhógra measúnachta
    nó dearbhú den fhéinmheasúnacht
    Chánach Ioncaim
Céim 1:
Comhlánaigh an
fhoirm chlárúcháin
Céim 2:
Cuir an pasfhocal
sealadach isteach
Céim 3:
Cruthaigh pasfhocal
nua