swirl graphic

Mo Chuid Doiciméad


Eolas ar Tuairisceán Cánach Ioncaim

Eolas ar Tuairisceán Cánach Ioncaim


Réamhrá

Fáilte romhat go dtí saoráid leictreonach na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh Tuairisceán Cánach Ioncaim.

Seo é an bealach is tapúla agus is áisiúla do Thuairisceán Cánach ÍMAT a chur isteach.

Ní mór go ndéanfadh duine arb í fostaíocht ÍMAT nó pinsean a p(h)ríomhfhoinse ioncaim nó stiúrthóir cuideachta neamhdhílsithe a íocann cáin ioncaim uile faoin gcóras ÍMAT an Tuairisceán Cánach seo a chomhlánú. Tuairisceán Ioncaim don Bhliain dar Críoch 31 Nollaig agus éileamh ar Chreidmheasanna Cánach, Liúntais agus Fhaoisimh don Bhliain dar Críoch 31 Nollaig is ea an Tuairisceán Cánach Ioncaim.

Cibé ar iarradh ort an fhoirm seo a chur isteach trí litir a fuair tú ó d'oifig Cánach, nó gur roghnaigh tú féin é sin a dhéanamh, tá na céimeanna céanna le leanúint chun an r-Fhoirm seo a chur isteach go rathúil. Tabhair faoi deara gur chóir duit do Thuairisceán Cánach don bhliain 2014 a ullmhú agus a chur isteach ar an 31 Deireadh Fómhair 2015 ar a dhéanaí.


Cáin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC)

  • Ní fhorálann Tuairisceán Cánach Ioncaim sonraí faoin gCáin Ghnóthachan Caipitiúil a chur isteach. Má chuireann tú féin (nó do chéile, pháirtnéir sibhialta, más ábhartha), sóchmainní inmhuiri de láímh i rith na bliana, beidh ort tuairisceán CGC a chomhlánú chuige sin agus é a chur ar ais chuig d'Óifig Cánach. Tá breis eolais faoin gCáin Ghnóthachan Caipitiúil ar fáil anseo.

Tabhair do d'aire nach gá admhálacha a chur isteach in éineacht leis an tuairisceán seo ach gur chóir gach admháil ábhartha a choinneáil ar feadh sé bliana, óir is féidir go roghnófar do thuairisceán le haghaidh mionscrúdaithe amach anseo.

Nithe a bheidh de dhíth ort chun an fhoirm seo a chomhlánú

  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP).
  • Pasfhocal moChúrsaí.
  • Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus má dhéantar measúnú ort faoin gcomh-mheasúnacht, UPSP do chéile nó do pháirtnéara shibhialta.
  • An Fhoirm (na Foirmeacha) P60 atá agat don bhliain dar críoch 31 Nollaig (má tá tú i bhfostaíocht ag deireadh na bliana).
  • Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus má dhéantar measúnú ort faoin Measúnú Comhpháirteach, Foirm(eacha) P60 do chéile nó do pháirtéara shibhialta don bhliain dar críoch 31 Nollaig (má tá tú i bhfostaíocht ag deireadh na bliana).
  • Má d'íoc d'fhostóir do Phréimh Árachais Leighis i rith na bliana beidh ort teagmháil a dhéanamh le d'fhostóir chun sonraí iomlán a fháil.

Conas é a Chomhlánú

  •  

    Sonraí Pearsanta


    • Seiceáil

      Tá na sonraí pearsanta i gceart

    • Cuir leis

      Do shonraí féin agus sonraí do chéile nó do pháirtí shibhialta más bainteach

  •  

    Ioncam ÍMAT


    • Seiceáil

      Sonraí Fostaíochta

    • Cuir leis

      Sonraí ÍMAT, Cánach agus sonraí an Mhuirir Shóisialta Uilíoch (MSU) más bainteach

  •  

    Ioncam Neamh-ÍMAT


    • Deimhnigh, Cuir in Eagar nó Scrios

      Ioncam curtha ann roimh ré ag na Coimisinéirí Ioncaim

    • Cuir leis

      Ioncam nua nach bhfuil ar an taifead cheana

  •  

    Creidmheasanna Cánach & Faoisimh


    • Deimhnigh, Cuir in Eagar nó Scrios

      Creidmheasanna cánach agus faoisimh curtha ann roimh ré ag na Coimisinéirí Ioncaim

    • Cuir leis

      Creidmheasanna cánach nó faoisimh nua nach bhfuil ar an taifead cheana

  • Dearbhú


    • Léigh

      Do dhearbhú

      Ráiteas maidir le pionóis

    • Deimhnigh

      Deimhnigh do dhearbhú sula gcuirfidh tú isteach Tuairisceán Cánach Ioncaim