Uimhir TAIN
Is éard atá i gceist le d’uimhir TAIN ná 5 dhigit agus litir ag an deireadh.
Mar shampla, 12345A
Is éard é an TAIN don ghníomhaire ná Uimhir Aitheantais Cánach an Ghníomhaire
Is éard é an TAIN don Dlíodóir ná Uimhir Aitheantais an Chomhairligh Idirbhirt
Cláruimhir / Uimhir Aitheantais
Tá do chláruimhir i dtaca le Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Fostóra comhdhéanta de 7 ndigit agus litir nó dhó ag an deireadh. Mar shampla 1234567A, nó 1234567FA. Go hiondúil bíonn an chláruimhir chánach le haghaidh daoine aonair mar an gcéanna lena n-Uimhir PSP. Go hiondúil bíonn d’uimhir CBL comhdhéanta de 7 ndigit le litir ag an deireadh. Mar shampla 1234567A. De rogha air sin, d’fhéadfadh sé a bheith comhdhéanta de dhigit amháin leanta ag litir amháin le 5 dhigit eile agus litir bhreise ag an deireadh. Mar shampla 2A12345A. Tá cláruimhreacha IUG CBL sa bhformáid EU123456789 nó IM1234567890.
Ghlacadóra (le haghaidh glacadóirí CMÁ amháin)
Seo í an t-aon iontráil a chaithfidh glacadóirí comhlánú. Tá d'Uimhir Ghlacadóra comhdhéanta de 5 dhigit agus litir ag an deireadh, mar shampla 12345A.
Cineál Cánach / Uimhir Cheadaithe
Roghnaigh cineál cánach ar cláraíodh tú di le déanaí nó san am atá thart. Tá seirbhísí ROS ar fáil le haghaidh cánacha Féinmheasúnaithe (Cáin Ioncaim agus Cáin Fháltas Caipitiúil) agus cánacha gnó (m.sh. CBL) nó ceanglais um thuairisciú (m.sh. DAC-2) amháin.