Loading Icon

Foirm Thuairiscithe Imghabhála Chánach (Gníomhaíocht sa scáthgheilleagar)

Tá imghabháil chánach in aghaidh an dlí. Braitheann cumas na gCoimisinéirí Ioncaim dul i ngleic le himghabháil chánach ar bhonn eolais atá curtha ar fáil ag cáiníocóirí comhlíontacha, go bunúsach, ar chaighdeán an eolais sin agus fairsinge aon fhianaise a thugtar dúinn. Tá eolas a dhéanann céannacht an seachantóir cánach soiléir agus an chaoi ina gcuirtear an imghabháil i gcrích thar a bheith cabhrach.

Is féidir leat imghabháil chánach (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagair) a thuairisciú tríd an mbosca téacs thíos a chomhlánú agus 'Cuir foirm isteach' a chliceáil. De rogha air sin, is féidir leat do thuarascáil a sheoladh trí litir nó glao fóin chuig d'oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is é seo a leanas an cineál eolais a chuireann ar ár gcumas fiosrú éifeachtach a dhéanamh ar thuairisceáin ar imghabháil chánach (Gníomhaíocht sa scáthgheilleagar).

  • cur síos ar an ngníomhaíocht Imghabháil Chánach (mar shampla, an cineál gníomhaíochta gnó nó eile a bhfuil an duine páiteach ann, cá bhfuil sé ag tarlú agus cathain a thosaigh sé);
  • ainm agus seoladh (seoladh baile agus/ nó seoladh gnó – tá seoladh gréasáin úsáideach freisin) an seachantóra atá faoi dhrochamhras nó líomhnaithe;
  • uimhreacha teagmhála teileafóin (líne thalún agus / nó uimhreacha fón póca);
  • garbhaois;
  • déanamh, cineál, dath agus cláruimhir aon ghluaisteáin, veaineanna, srl. ar leis nó a n-úsáideann an duine sin iad;
  • sonraí ar chonas a fhógraítear gnó nó gníomhaíocht eile an duine (lena n-áirítear sonraí ó 'bhileoga eolais', fógraí, srl);
  • an fhianaise go bhfuil an duine nó an gnó páirteach in imghabháil chánach lena n-áirítear sonraí ar aon daoine eile atá ag éascú na seachanta;
  • uimhir CBL an ghnó (má thaispeántar í ar shonraisc, fheithiclí, srl);


Is féidir suas go dtí 10 doiciméid a cheangailt.

Cad iad na cineálacha comhaid is féidir liom a chur ag gabháil ?
Tig leat comhad a cheangail mar thacaíocht le d'fhiosrú. Is iad seo na cineálacha comhaid incheadaithe pdf, tif, tiff, txt, xls, jpg, jpeg, doc, docx, xlsx, P30, xml, dat, p35, p35L, p45, p453, c35, rct, vt3, f11, pay, 46g, 46gc, i38, transit, int, vie, eus, rom1, sd, f1f, f1, ct1, f35, dwt, cds1, csv, png, pptx, ppt, mht, htm, gif, msg, 0001, xps, odt, html, zip, p12, p12.bac, log, cfg, 1, json
Scaoil leis na comhaid anseo...
Cuir comhaid leis ... Cealaigh an uaslódáil
 

Mura bhfuil aon agóid inár gcoinne agat maidir le teagmháil a dhéanamh leat chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, cuir sonraí teagmhála ar fáil anseo (amhail fón nó ríomhphost). Caithfear leis na sonraí seo go huile is go hiomlán faoi rún.

Chun rúndacht cáiníocóirí a chosaint, áfach, ní thugaimid agus ní thabharfaimid tuairisc duit ar thoradh tuairisce a dhéanann tú ar imghabháil chánach.