Áireamhán CCF

Fáilte chuig Áireamhán Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Roghnaigh ceann amháin díobh seo a leanas le tosú:

Cuimsíonn an t-áireamhán réimse leathan múnlaí. Féadfaidh tú é a úsáid chun an méid a leanas a dhéanamh:

  1. an muirear CCF a mheas ar ghluaisteán nó ar fheithicil bheag tráchtála,
  2. Chun eolas a fháil ar an muirear NOx, Cliceáil Anseo
  3. an muirear a ríomh ar ghluaisrothar,
  4. an aisíocaíocht CCF a mheas a ghearrtar ar ghluaisteán a easpórtáil.

Ní chumhdaíonn an t-áireamhán an méid a leanas:

  1. múnlaí nár tugadh i láthair roimhe seo iad le haghaidh luachála,
  2. múnlaí ar gá taighde speisialta a dhéanamh orthu chun luacháil a dhéanamh orthu, ar nós mótarcharbhán agus feithiclí clasaiceacha agus a bhfuil tóir orthu i measc an lucht bailithe agus déanaimh áirithe eile ghalánta,
  3. feithiclí móra tráchtála, tarracóirí talmhaíochta, cóistí agus feithiclí móra eile mar gheall gur gnách go mbíonn muirear seasta CCF le híoc orthu seo.
  4. CBL um modh iompair nua. Chun cuspóirí na CBL, is ionann modh iompair nua agus nuair is óige feithicle ná 6 mhí d'aois NÓ gur thaistil sí ní ba lú ná 6,000km. Cliceáil anseo le haghaidh eolais ar chásanna nuair atá CBL chomh maith le CCF inmhuirearaithe.

Is tábhachtach sonraí a roghnú a mheaitseálann d’fheithicil go cruinn ar gach bealach. Mar shampla, má thugtar meastachán duit a léiríonn astaíochtaí CO2 nach ionann iad agus astaíochtaí d’fheithicle, b’fhéidir gur roghnaigh tú leagan níos sine nó leagan níos nua

Neasmheastachán a bhíonn i gceist le meastachán ar aisíocaíocht easpórtála CCF. Is amhlaidh atá seo mar gheall go bhféadfadh go ndearnadh an CCF ar do ghluaisteán a laghdú nó a aisíoc cheana féin faoi scéim eile. Caithfidh Praghas Díolta Margaidh Oscailte (PDMO, tuairim luachála na gCoimisinéirí Ioncaim) ar a laghad €2,000 a bheith ar do ghluaisteán chun cáiliú d’aisíocaíocht easpórtála. Gearrann an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán (an SNTG) táille ar choinne don Scéim Aisíocaíochta Easpórtála, féach www.ncts.ie, le do thoil, chun teacht ar shonraí.

Tabhair to d’aire

Is garmhéid atá sa tsuim a léirítear mar an CCF inaisíoctha toisc go bhféadfaidh sé go raibh feithiclí aonair faoi réir an Fhaoisimh d’Fheithiclí Hibrideacha agus d’Fheithiclí Hibrideacha Inluchtaithe a d’fhéadfadh an tsuim inaisíoctha CCF a laghdú. I gcásanna den chineál sin nuair a chuirtear an fheithicil i láthair ag ionad SNTC le haghaidh Scrúdú Easpórtála, déanfar an Faoiseamh d’Fheithiclí Hibrideacha/Inluchtaithe a ríomh nuair is cuí.

  1. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir lenár nÁireamhán CCF féach ár rannán Ceisteanna Coitianta.
  2. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí féach an rannán Cháin Chláraithe Feithiclí.