Cliceáil anseo le dul chuig leathanach baile na gCoimisinéirí Ioncaim Leathanach baile na gCoimisinéirí Ioncaim
Click here to switch to the high contrast version of this page English | Gaeilge
Fáilte chuig PAYE Aon Tráth, Aon Lá
Íomhá phainéal láinseála PAYE Aon Tráth Aon Lá
Fáilte chuig PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Ceadaíonn an tseirbhís seo duit do ghnóthaí cánach féin a bhainistiú ar bhealach atá tapaidh, saor in aisce agus slán, agus tá sé ar fáil 365 lá in aghaidh na bliana.


(Osclóidh sé seo i bhfuinneog nua).

Feidhmchlár is ea PAYE Am Ar Bith atá bunaithe ar an gclár Adobe Flex agus d'fhéadfadh sé a bheith éagsúil ó nithe atá feicthe agat cheana féin ar líne. Tá sé d'aidhm againn tacaíocht iomlán a chur ar fáil do theicneolaíocht chuiditheach, Jaws 8 agus níos deireanaí ach go háirithe. Chun é a oibriú ní mór duit script a shuiteáil. Tá sé seo furasta agus in aisce. Cliceáil ar an nasc chuig cnaipe Jaws Script thíos.Download Scripts Here. Molaimid duit úsáid a bhaint as modh na bhfoirmeacha san fheidhmchlár, agus gan úsáid a bhaint riamh as modh an chúrsóra fhíorúil. Tá fáil ar an bhfeidhmiúlacht go léir, ar rialúcháin foirmeacha agus ar an ábhar trí úsáid a bhaint as an gcnaipe TAB agus tú sa mhodh foirmeacha. Baintear úsáid mar is gnách as na cnaipí Cúrsóra i rialúcháin foirmeacha ar nós boscaí teaglama agus cnaipí raidió. Nótáil. Is minic a bhaineann an feidhmchlár PAYE Am Ar Bith úsáid as foláirimh agus míreanna aníos chun tú a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar an ríomhchlár, rud a d'fhéadfadh tarlú agus tú ag seoladh trí réimsí éagsúla.
Maidir le PAYE Aon Tráth, Aon Lá

Faigh gach eolas atá uait faoi PAYE Aon Tráth, Aon Lá, ó shonraí clárúcháin go dtí na buntáistí a ghabhann lenár bhfeidhmchlár nua a úsáid.

Ceisteanna Coitianta

Liostaíonn an rannóg seo ceisteanna coitianta maidir le PAYE Aon Tráth, Aon Lá.

Cláraigh chun PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid

Is do cháiníocóirí PAYE amháin an tseirbhís seo. Beidh d'uimhir PPS ag teastáil uait chun clárú. A luaithe atá tú cláraithe, gheobhaidh tú Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) ó na Coimisinéirí Ioncaim sa phost.

Lorgaire Speansais Sláinte

Coinnigh súil ar do Speansais Sláinte i rith na bliana leis an uirlis seo deisce.

PAYE Aon Tráth, Aon Lá v.1.0.

Tá seansuíomh gréasáin PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar fáil, mura bhfuil tú in ann an leagan nua a rochtain.