Ceisteanna Coitianta Ginearálta (Ar ais go barr)
1. Cad é PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Is é atá i PAYE Aon Tráth, Aon Lá Seirbhís Ioncaim Ar Líne d’fhostaithe. Cuireann an áis idirghníomhach seo bealach tapa, sábháilte agus éifeachtach ar chostas lena gcuid cánacha a bhainistiú ar líne ar fáil do dhaoine a íocann cánacha faoin gcóras Íoc Mar a Thuilltear (PAYE ). Le PAYE Aon Tráth, Aon Lá féadann tú leas a bhaint as sraith iomlán seirbhísí lena n-áirítear ar eolas ar do thaifead Ioncaim a fheiceáil. Is féidir leat faisnéis phearsanta agus teagmhála áirithe atá ag na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain reatha a fheiceáil nó a leasú.
2. Cad iad na tairbhí a bhaineann le PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?Tá sé éasca clárú agus leas a bhaint as raon leathan seirbhísí. Chun clárú leantar 3 chéim shimplí, a ligeann do na Coimisinéirí Ioncaim d’aitheantas a bhailíochtú, ag cinntiú ar an mbealach sin go mbeidh gach idirbheart Ioncaim ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim sábháilte.
Chun clárú - Logáil isteach i www.revenue.ie, ón suaitheantas PAYE Aon Tráth, Aon Lá, cliceáil ar an gcnaipe Register.
Cuimhnigh cliceáil ar Continue chun do shonraí a chur isteach.
Nuair a bheidh do chuid sonraí pearsanta fíoraithe, eiseofar PIN Ioncaim ort tríd an bpost.
4. Tar éis dom clárú an gá dom aon rud eile a dhéanamh chun rochtain a fháil ar PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Beidh d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) ag teastáil uait chomh maith leis na 3 dhigit a iarrfar ó do PIN Ioncaim chun rochtain a fháil ar do chuntas Ioncaim. Tá an PIN Ioncaim 6 dhigit ar fhad. Nuair a bheidh tú ag Logáil isteach iarrfar 3 dhigit a roghnófar go randamach ort chun d’aitheantas a shocrú. Freisin iarrfar ort ceist shlándála a fhreagairt. Beidh an cheist shlándála sin bunaithe ar an eolas ar thaifid na gCoimisinéirí.
Ceadófar 3 hiarracht ar a mhó duit chun do PIN Ioncaim a fhíorú agus mura ndéantar amhlaidh coimeádfar ón gcóras tú ar feadh 24 uair an chloig.
5. Dearmad Déanta ar PIN IoncaimTá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór duit athchlárú chun an tseirbhís PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid má dhéanann tú dearmad ar do PIN Ioncaim nó má chailleann tú é. Nuair a dhéanfar athchlárú cruthófar PIN nua.
6. Cén blianta atá ar fáil dom i PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Bíonn PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar fáil don bhliain reatha agus do na 4 bliana roimhe sin.
7. An féidir rochtain a fháil ar shonraí mo chéile/iad a athrú?Is féidir – Féadann ceachtar céile rochtain a fháil ar shonraí agus iad a athrú má dhéantar Cómheasúnacht oraibh.
8. An bhféadaim m’Ionca(im) PAYE a dhearbhú agus Creidmheasa Cánach a éileamh trí Ghaeilge?Is féidir – má tá tú cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim mar chustaiméir a labhraíonn Gaeilge cuirfear PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar fáil i nGaeilge go huathoibríoch.
Taispeánfar an scáileán sa teanga ar chláraigh an t-úsáideoir di. Nuair a bheidh an t-úsáideoir logáilte isteach san fheidhmchlár is féidir an cnaipe teanga a athrú chun an t-eolas a fheiceáil i mBéarla nó i nGaeilge.
9. An bhféadaim PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid chun rochtain a fháil ar mo shonraí Cánach PAYE gan athbhreithniú a éileamh?Is féidir – Bíonn PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar fáil do chustaiméirí nach dteastaíonn uathu ach rochtain a fháil ar a gcuid sonraí cánach. Ní cheanglófar ort idirbhearta a chur isteach go leictreonach má chláraíonn tú do PAYE Aon Tráth, Aon Lá.
10. Cad é an Leathanach ‘Forbhreathnú’?Taispeánann an leathanach Forbhreathnú d’achoimre don bhliain reatha. Ligeann sé duit dul tríd na seirbhísí PAYE. Ón leathanach seo is féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí trí chliceáil ar na táib ar bharr an scáileáin. Is iad na seirbhísí atá ar fáil ná:
Anseo:
Cuirfear do phróifíl i láthair duit an chéad uair a rachaidh tú isteach sa láithreán. Anseo iarrfar ort an t-eolas atá á chur i láthair a athbhreithniú agus é a nuashonrú de réir mar is cuí.
Ní gá ach an t-eolas a theastaíonn uait a nuashonrú a athrú agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Cuir le do Chuid Iarratas’.
12. Cad a fhéadaim a dhéanamh sa Chuid faoi Achoimre don Bhliain Reatha?Tá - trí Ríomh a roghnú (cliceáil ar an gcnaipe ríofa atá os do chomhair ar an scáileán) cuirfear ar d’eolas tú faoin méid faoisimh atá le deonú ag an ráta caighdeánach cánach.
14. Cén t-eolas atá ar fáil ar an leathanach Forbhreathnú?Ligeann an leathanach Forbhreathnú duit rochtain a fháil ar eolas ar chreidmheasa cánach agus ioncaim don bhliain reatha agus do na ceithre bliana roimhe. Nuair a roghnaítear bliain féadann tú féachaint ar do chreidmheasa cánach agus ioncaim, a úsáidfear chun do dhliteanas cánach a ríomh, agus iad a athrú. Nuair a bheidh do chuid athruithe próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim eiseofar deimhniú creidmheasa cánach nua ort nó clár comhardaithe PAYE/athbhreithniú dheireadh na bliana (P21).
15. Tabhair níos mó eolais dom faoi Do Stair Iarratas?Is é atá i do Stair Iarratas ná do bhosca poist pearsanta sábháilte féin. Is ansin a choimeádtar cóipeanna de na hidirbhearta go léir a rinne tú leis na Coimisinéirí Ioncaim trí PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Coimeádtar do Stair Iarratas ar láithreán gréasáin sábháilte Ioncam ar Líne. Ciallaíonn sé sin nach bhféadann aon duine, ach tú féin, rochtain a fháil air.
Féadann tú féachaint ar gach doiciméad nua agus ar gach doiciméad a léadh cheana. Tá áis chuardaigh i do Stair Iarratas, a ligeann duit doiciméad a chuardach/a fheiceáil tríd an chineál doiciméid nó uimhir fógra a úsáid.
Is féidir míreanna ó Do Stair Iarratas atá léite cheana a chur i gcartlann ionas nach mbeidh siad le feiceáil ar an scáileán tosaigh a thuilleadh. Is féidir doiciméid atá curtha sa chartlann a fháil ar ais aon uair tríd an áis chuardaigh a úsáid.
16. Conas a iarrtar Athbhreithniú Dheireadh na Bliana /Clár Comhardaithe (P21) do na blianta roimhe?Chomh maith leis an bhliain reatha a thaispeáint taispeánann an leathanach Forbhreathnú naisc leis na ceithre bliana roimhe sin ar an bpríomhbharra nascleanúna. Nuair a roghnaítear bliain tógtar an t-úsáideoir chuig an scáileán Forbhreathnú Cánach don bhliain sin. Ar an leathanach sin féadann úsáideoir creidmheas cánach a éileamh (lena n-áirítear Costais Sláinte) don bhliain sin agus Athbhreithniú Dheireadh na Bliana/ráiteas comhardaithe PAYE (P21) a lorg don bhliain sin.
Cinntigh le do thoil go bhfuil an t-Eolas Pearsanta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim i do leith, ceart agus suas le dáta, toisc gurb é sin a shocróidh do chuid teidlíochtaí.
Nuair a chuirfidh tú isteach d’iarratas ar chlár comhardaithe PAYE (P21) iarrfar ort na sonraí íocaíochta agus cánach atá againn duit don bhliain sin a dhearbhú.
I dteannta leis na sonraí ar na creidmheasa cánacha a theastaíonn uait a éileamh don bhliain athbhreithnithe a chur isteach, féadann tú sonraí atá ar iarraidh i leith íocaíochta agus cánach a chur isteach freisin de réir mar is cuí. Taispeántar na sonraí sin ar fhoirm P60, a eisítear trí d’fhostóir, tar éis dheireadh na bliana cánach.
17. Conas a chuirim sonraí faoi bhráid na gCoimisinéirí trí PAYE Aon Tráth, Aon Lá?De réir mar a chuireann tú gach iarratas i gcríoch i PAYE Aon Tráth, Aon Lá coimeádfar achoimre i D’Iarratais PAYE. Nuair a bheidh tú cinnte go bhfuil na hiarratais sin ceart is féidir ansin na hathruithe go léir a chur isteach. Críochnaítear an próiseas trí 3 dhigit a roghnaíodh go randamach ó do PIN Ioncaim a chur isteach agus trí cliceáil ar an gcnaipe cuir isteach.
Ní bheidh iarratais i bhfeidhm go gcliceálfaidh tú ar an gcnaipe Cuir Isteach.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh nach léireofaí Iarratais a chuir tú isteach cheana i PAYE Aon Tráth, Aon Lá ar feadh 2 lae.
Má bhí tú ar ÍMAT Aon tráth, aon lá trí ROS Gnó féadfaidh tú na hathruithe go léir a chur isteach ach an pasfhocal do do dheimhniú digiteach a iontráil agus cliceáil ar an gcnaipe chun é a sheoladh isteach.
18. An dtabharfar admháil go bhfuarthas mo dhearbhú/m’éileamh?Tabharfar – is é sin an chéim dheireanach sa phróiseas comhdaithe. Díreach tar éis duit iarratas a chur isteach gheobhaidh tú admháil ar an scáileán agus ansin beidh sonraí na n-idirbheart ar fáil ansin le feiceáil mar mhír nua i do Stair Iarratas.
19. An bhféadann duine féinfhostaithe rochtain a fháil ar a c(h)uid sonraí PAYE?Is féidir – Féadann daoine féinfhostaithe rochtain a fháil ar a gcuid sonraí PAYE lena nDeimhniú Digiteach má tá taifead PAYE gníomhach acu. Is féidir rochtain a fháil ar na seirbhísí PAYE ón leathanach 'Mo Sheirbhísí' tar éis logáil isteach trí chliceáil ar an nasc táb meirge ar gach leathanach Seirbhísí Gnó.
Agus é/í ag cur éilimh isteach, má chuir an duine féinfhostaithe isteach ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá trí ROS Gnó caithfidh siad an pasfhocal dá ndeimhniú digiteach a chur isteach sula gcliceálann siad an cnaipe chun é a sheoladh isteach.
20. Conas a fhaightear Cabhair le PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?Glaoigh ar an Deasc Cabhrach Teicniúil do Sheirbhísí Ioncaim Ar Líne 1890 20 11 06.
Má tú i do chónaí lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar + 353 1 7023021.
Is é an bealach is tapa agus is éasca le do chúrsaí cánach a choimeád suas le dáta ná PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid.
Ceisteanna Coitianta maidir leis an Taispeántas Táirge (Back to Top)
1. Cad é an Turas um PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Is é atá sa Turas um PAYE Aon Tráth, Aon Lá ná sraith ceachtanna gearra i bhfoirm físeáin nó téacs, a thaispeánann duit conas roinnt de na gnéithe is suntasaí de shuíomh gréasáin PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid.
Clúdaíonn an Turas na toipicí seo a leanas:
Agus ní gá duit a bheith cláraithe i gcomhair PAYE Aon Tráth, Aon Lá chun féachaint ar aon cheann de na ceachtanna seo.
2. Conas is féidir liom an Turas um PAYE Aon Tráth, Aon Lá a aimsiú?Is féidir an Turas a rochtain ó aon cheann de na háiteanna seo:
Má tá diailchaoi in úsáid agat nó má tá do nasc leathanbhanda mall (i.e. faoi bhun 1 Mbps), moltar duit an leagan ‘téacs amháin’ den Turas a roghnú toisc go bhfuil físeáin san áireamh sa Turas iomlán, agus is fearr breathnú orthu seo le Nasc Leathanbhanda tapaidh.
4. An bhfuil orm féachaint ar na físeáin go léir sula n-úsáidim PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Níl sé riachtanach go bhféachfá ar aon cheann de na físeáin seo sula n-úsáideann tú PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Tá siad á gcur ar fáil chun cabhrú leat dul i dtaithí ar ghnéithe de PAYE Aon Tráth, Aon Lá agus chun forléargas a thabhairt ar gach toipic a phléitear.
5. An bhfuil leagan téacs de na físeáin?Tá. Tá leagan téacs de gach físeán ar fáil. Chun an leagan téacs a roghnú cliceáil ar 'Téacs amháin' ar bharr scáileán an Turais um PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Athróidh na deilbhíní ar an roghchlár sa mhéid go mbeidh leathanaigh in áit clabairí. Nuair a roghnaíonn tú ceacht taispeánfar é anois i bhformáid téacs.
6. An féidir liom athrú ó fhíseán chuig leagan téacs nuair atá físeán á chasadh?Má theastaíonn uait athrú chuig an leagan 'téacs' d’fhíseán nuair atá físeán á chasadh, beidh ort cliceáil ar an 'gCluaisín Baile' ar Roghchlár an Turais um PAYE Aon Tráth, Aon Lá, atá le fáil ar an taobh clé den scáileán. Ansin, roghnaigh 'Téacs Amháin', atá ar bharr an scáileáin agus ansin nuair a roghnaíonn tú ceacht taispeánfar é i bhformáid téacs.
7. Conas a athraím formhéadú an scáileáin nó conas a roghnaím codarsnacht ard nuair atáim ag féachaint ar na físeáin?Má theastaíonn uait formhéadú an scáileáin a athrú nó codarsnacht ard a roghnú nuair atá tú ag féachaint ar fhíseán is cóir duit an ‘Cluaisín Baile’ a roghnú ar Roghchlár an Turais um PAYE Aon Tráth, Aon Lá, atá le fáil ar an taobh clé den scáileán. Ansin roghnaigh codarsnacht ard nó an formhéadú atá uait trí chliceáil ar an deilbhín chuí ar bharr an scáileáin. Athróidh an taispeáint scáileáin dá réir.
Technical FAQs (Ar ais go barr)
1. An dteastaíonn trealamh speisialta uaim chun PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?Chun PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid teastaíonn ríomhaire agus ceangal Idirlín uait. Freisin beidh ort roinnt bogearraí speisialta a shuiteáil ar do ríomhaire chun go mbeidh tú in ann cuid de na feidhmeanna ar an gcóras a úsáid. Tugtar míniú ar na riachtanais sin sna freagraí ar an tsraith ceisteanna seo a leanas, ach tá siad ar fáil freisin trí dhul chuig an leathanach faoi Riachtanais Córais on leathanach Baile ROS. Beidh aon bogearraí a bheidh ag teastáil uait chun an córas a rith ar fáil saor in aisce.
2. An dteastaíonn cineál áirithe ríomhaire uaim chun go mbeidh rochtain agam ar PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Oibreoidh an córas ar na cineálacha is coitianta de ríomhairí pearsanta, ríomhairí MAC agus ríomhairí glúine. Ar cheann de na cuspóirí a bhí againn agus an córas á thógáil bhí go mbeifí in ann é a rith ar raon leathan de ríomhairí a úsáidtear go coitianta. Ghlacamar cúram faoi leith agus an tionscadal á thástáil againn chun cinntiú go mbeadh sé sin amhlaidh.
3. Cén córais oibriúcháin a thacaíonn le PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Rinneadh PAYE Aon Tráth, Aon Lá a thástáil ar na córais oibriúcháin seo a leanas agus ritheann sé orthu:
Freisin táimid cinnte go bhfuil Flash 9 (an mór-riachtanas do PAYE Aon Tráth, Aon Lá) comhoiriúnach leis na córais seo a leanas:
Táimid cinnte go mbeidh formhór mór úsáideoirí féideartha an chórais sásta leis an gcomhoiriúnacht sin. Má tá córas oibriúcháin nó cumraíocht éagsúil á úsáid agat, ba mhaith linn scéal a fháil uait chun go bhféadfaimis a shocrú an gcaithfimid oibriú ar chórais bhreise.
4. Cén sórt brabhsálaí Idirlín a theastaíonn uaim?Féadann tú breathnú ar an bhfeidhmchlár gréasáin PAYE Aon Tráth, Aon Lá le raon leathan brabhsálaithe. Rinneamar ár láithreán gréasáin a thástáil le Internet Explorer (6 & 7), Mozilla Firefox (2 & 3) agus Safari (2). Chun na leaganacha is deireanaí de na brabhsálaithe sin a fháil, féadann tú iad a íoslódáil ó na naisc seo a leanas:
Chun leideanna a fháil ar conas socruithe brabhsálaí a nuashonrú, téigh chuig My Web My Way
5. An dteastaíonn aon bogearraí eile uaim chun PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?Teastaíonn. Má roghnaigh tú comhfhreagras a fháil ó leictreonach ó na Coimisinéirí Ioncaim, beidh fógraí ar fáil le feiceáil agus le priontáil i do Stair Iarratas. Áireofar leis na fógraí sin deimhnithe cánach, ráitis chomhardaithe, srl. Foilseofar na doiciméid sin i bhfoirm PDF agus beidh gá agat le bogearraí áirithe mar Adobe Acrobat Reader chun an doiciméad a thaispeáint. Féadann tú Adobe Acrobat Reader a íoslódáil saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe – www.adobe.com
6. Cén taifeach scáileáin optamach ar cheart a úsáid?Is é an taifeach scáileáin caighdeánach agus is coitianta a úsáidtear faoi láthair ná 1024 X 768. Dhearamar an córas chun go n-oibreodh sé is fearr agus an caighdeán seo á úsáid aige.
7. An dteastaíonn cuntas r-phoist gníomhach uaim?Chun bheith i do chustaiméir PAYE Aon Tráth, Aon Lá, ní mór go mbeadh cuntas r-phoist reatha agat. Iarrfar ort do sheoladh r-phoist a chur ar fáil do PAYE Aon Tráth, Aon Lá nuair a dhéanfaidh tú iarratas chun bheith i do chustaiméir PAYE Aon Tráth, Aon Lá. I gcás go mbeifeá ag iarraidh an seoladh r-phoist a chláraigh tú le PAYE Aon Tráth, Aon Lá a athrú, ba cheart go mbeifeá in ann é sin a dhéanamh aon uair agus an chuid Próifíl á húsáid.
8. Táim cláraithe le haghaidh Gnó ROS agus táim cláraithe le haghaidh PAYE Aon Tráth, Aon Lá freisin. An bhféadaim mo dheimhniú digiteach ROS a úsáid sa láithreán nua um PAYE Aon Tráth, Aon Lá?Tacaíonn ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá le deimhnithe digiteacha. Tabharfar custaiméirí a chláraíonn le ROS Gnó agus a dhéanann scoránú chuig ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá chuig an suíomh nua ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, áit a dtabharfar tacaíocht dá ndeimhniú digiteach agus a logálfar isteach iad go huathoibríoch
9. An mbeidh mé in ann PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid fós má athraím mo ríomhaire?Beidh. Ní bheidh ort ach do UPSP, PIN agus ceisteanna Slándála a athghlao.
10. Cad iad na riachtanais brabhsálaí um PAYE Aon Tráth, Aon Lá a úsáid?Ní mór go mbeadh leagan 9 nó leagan níos airde de Flash Player suiteáilte agat chun an láithreán nua ÍMAT aon uaire a úsáid.
Chun an leas is fearr a bhaint as PAYE Aon Tráth, Aon Lá, is fearr na socruithe seo a leanas a úsáid:
Is é atá i Flash Player ná breiseán brabhsálaí Idirlín a thugann taithí níos fearr ar an nGréasán. Tá sé suiteáilte ar 99% de ríomhairí a bhfuil an t-Idirlíon orthu ar fud an domhain. Tá Flash Player 9 ina riachtanas íosta do PAYE Aon Tráth, Aon Lá. Féadann tú Adobe Flash Player a íoslódáil saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe – www.adobe.com
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh go mbeadh sé deacair leaganacha níos airde de sin a oibriú ar chórais oibriúcháin níos airde mar Windows 98/ME, nó Macintosh OSX 10.1-10.3.
I gcás Internet Explorer:
I gcás Netscape:
I gcás Safari:
I gcás Firefox:
I gcás Internet Explorer:
I gcás Netscape:
I gcás Safari:
I gcás Firefox:
I gcás Internet Explorer:
I gcás Netscape:
I gcás Safari:
Bíonn SSL cumasaithe i Safari i gcónaí.
I gcás Firefox:
Is féidir formhór mór na dtascanna a chomhlánú ar líne. Ní féidir na nithe a leanas a chomhlánú ar líne, áfach:
Más mian leat aon cheann de na tascanna thuas a dhéanamh, féach www.revenue.ie le do thoil chun sonraí breise a fháil nó téigh i dteagmháil le d'oifig cánach áitiúil.